Amazon (comhlacht)
Is ollchomhlacht ríomhthráchtála é Amazon, Inc, ar cheann de na comhlachtaí siopadóireachta agus teicneolaíochta ilnáisiúnta is mó ar domhan. Bhunaigh Jeff Bezos an comhlacht ar 5 Iúil, 1994 i Bullueve, Washington. Deirtear gurb é Amazon an margadh is mó ar líne ar domhan..
Cúrsaí gnó[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tá 1.6 milliún duine fostaithe go lánaimseartha agus go páirtaimseartha ag Amazon ar fud an domhain sa bhliain 2022. Ach thug an comhlacht le fios le linn an samhraidh 2022 go rabhthas le bac a chur ar earcaíocht go ceann roinnt míonna.[1]
I mí na Samhna 2022, bhí sé beartaithe ag Amazon thart ar 10,000 duine a ligean chun siúil ó rannóga corparáideacha agus teicneolaíochta an chomhlachta gan mhoill.
Cé gur mór an scrios atá déanta ag an gcoróinvíreas sna blianta 2020-2022, bhí comhlacht amháin a bhuail an t-iarann go háirithe nuair a bhí sé te – Amazon
Éire[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tá thart ar 5,000 duine fostaithe ag Amazon in Éirinn sa bhliain 2022.[1]
Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ 1.0 1.1 Nuacht RTÉ (2022-11-14). ""Amazon le 10,000 duine a ligean chun siúil"" (as ga-IE).