Domhan

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Infotaula de geografia políticaDomhan 🜨
The Blue Marble (remastered).jpg
Edit the value on Wikidata

Ainmnithe in ómós Ithir agus dirt (en) Aistrigh Edit the value on Wikidata
Suíomh
Daonra
Iomlán 7,000,000 (40 haois "RCh") Edit the value on Wikidata
Tíreolaíocht
Cuid de Earth-Moon system (en) Aistrigh Edit the value on Wikidata
Achar dromchla 510,064,472 km² Edit the value on Wikidata
Tomhas 12,742 (trastomhas) km
Pointe is airde Sliabh Everest (8,848 m) Edit the value on Wikidata
Pointe is ísle Duibheagán Challenger (−10,994 m) Edit the value on Wikidata
Sonraí stairiúla
Cruthú 4,540 million years BCE:  (Age of the Earth (en) Aistrigh)
Díscaoileadh unknown value

An tríú pláinéad amach ón ngrian sa ghrianchóras is ea an domhan, le tréimhse fithise 365.26 [1] agus an cúigiú ceann is mó.[2]gealach amháin aige. Tógann sé 365.24 laethanta don domhan dul timpeall na gréine. Meastar gur cruthaíodh an domhan 4.54 bhilliún bliain ó shin.

Is é an t-aon áit amháin in iúil dúinn sa chruinne a bhfuil beatha air. Is 🜨♁ é a shiombail.

Tréithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cosúil leis na pláinéid eile is na réaltaí, tá an domhan, gar do bheith ina sféar (trastomhas timpeall 12,800 km) mar thoradh ar an aomadh imtharraingteach i dtreo a láir ar gach cuid de. Tá aon satailít mhór nádúrtha amháin aige, an ghealach.

Tá na pláinéid atá níos faide amach ón ngrian gásach den chuid is mó, ach tá an domhan soladach nó leachtach den chuid is mó, agus atmaisféar gásach timpeall air. Nítrigin is ocsaigin is mó atá san atmaisféar.

uisce leachtach sna haigéin ar thalamh íseal idir na hilchriocha, agus uisce soladach mar oighearchaidhpeanna ag na moil.

An t-aon phláinéad sa ghrianchóras a chothaionn an bheatha: ó fhianaise na n-iontaisí sna carraigeacha, tá beatha ar domhan le 3,500 milliún bliain, beatha dhaonna le timpeall 6.5 milliún bliain.

Struchtúr an domhain[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá ár dtuiscint ar struchtúr an domhain mar a leanas: I lár baill, tá croíleacán beag soladach an-te, faoi ardbhrú de bharr na gciseal seachtrach, é déanta as iarann measctha le nicil, sulfar is ocsaigin, le trastomhas 2.5 km.

Timpeall air sin, an croíleacán leachtach de nicil is iarann leáite, ar a dtugtar magma, atá timpeall 3,500 km ar tiús.

Timpeall air sin arís tá an maintlín, atá soladach den chuid is mó, gar do 2,800 km ar tiús (tugtar neamhleanúnachas Gutenberg ar an teorainn idir croíleacán leachtach is maintlín). Taobh amuigh den mhaintlín, trasna teorann a dtugtar neamhleanúnachas Mohorovicic air, tá an screamh sheachtrach, suas le 10 km ar tiús faoi na farraigí, suas le 50 km faoi na hilchríocha.

Jordens inre.jpg

Roinntear an screamh i sioma, an brat díreach os cionn an mhaintlín, timpeall 4 km ar tiús, agus sial, atá suas le 40 km ar tiús agus faoi na hilchríocha den chuid is mó. Ar deireadh, timpeall ar an domhan soladach/leachtach, tá an brat gásach, timpeall 50 km ar airde, ar a dtugtar an t-atmaisféar.

Tá an taobh istigh den mhaintlín te de bharr an fhuinnimh a fhuasclaíonn díscaoileadh leanúnach raidiseatóp fadsaolach, cosúil le potaisiam, tóiríam is úráiniam. Ach ní struchtúr statach é seo ar chor ar bith. Mar shampla, is eol go bhfuil sruthanna comhiompair ar siúl sa chroíleacán leachtach, agus go dtéann siad seo an maintlín soladach a dhóthain in áiteanna len é a leá.

Snámhann blúirí ollmhóra den screamh uachtarach ina bplátaí teicteonacha, atá ag déanamh is ag athdhéanamh maintlín an domhain an t-am ar fado Gluaisní na bplátaí seo is cúis le síobghluaiseacht na n-ilchríoch is na feiniméin iarmharacha bolcánacht, creathanna talún, súnámaithe, cruthú sléibhte is scoiltghleannta.

Bhí iarmhairtí ag irnbhuailtí astaróideach ar chodanna de dhromchla an domhain freisin.

imshruthú an atmaisféir dinimiciúil, fuinnmhithe ag téamh míchothrom an phláinéid ag an ngrianradaíocht, agus suaite ag rothlú an domhain ar a ais. Léiríonn taifead na geolaíochta go raibh athruithe aeráide ar domhan go rialta thar na cianta.

Oceanic Crust Africa Isochron Reduction.gif

Ó thaighde a rinneadh ó 2000 i leith ar thomhais íogaire ar an luasghéarú de bharr domhantarraingthe ag áiteanna éagsúla ar an domhan, fuarthas amach go n-ascalaíonn luach an luasghéaraithe seo beagán le tréimhse 3-4 uair.

Samhlaítear uaidh sin go n-ascalaíonn an croíleacán soladach síos suas ar ais rothlaithe an domhain le tréimhse den mhéid seo, rud a chuireann isteach ar an bhfórsa domhantarraingthe ar dhromchla an domhain.

Stair agus taiscéalaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Táthar ag súil amach anseo níos mó tomhas a dhéanamh ag áiteanna ar fud an domhain agus na turgnaimh a dhéanamh níos íogaire fós chun níos mó eolais a dhíorthú mar gheall ar an gcroíleacán soladach, a mhéid, a mhais is a chomhshuíomh.

Ríomhtar ó fhoirmiú na gcarraigeacha gur cumadh an domhan tirnpeall 4,600 milliún bliain ó shin. Suas le 20,000 milliún bliain ó shin a tharla an ollphléasc is a thosaigh na bunpháirteagail ag forleathadh amach.

De réir a chéile chruinnigh páirteagail le chéile ina bpláinéid is ina réaltaí timpeall 4,600 milliún bliain ó shin. Ansin timpeall 3,500 milliún bliain ó shín tháinig algaí gorma / glasa aoncheallacha chun cinn, an chéad rud beo ar dornhan.

Bodhránacht an domhain ar an ngealach.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Fréamh an Eolais". 
  2. Cogg (10 Samhain 2010). "Eureka 7-6". Dáta rochtana: 2020.
athraigh An Grianchóras
An GhrianMearcairVéineasAn GhealachAn DomhanMarsPhobos agus DeimosCeiréasAn príomhchrois astaróideachIúpatarGealacha IúpatairSatarnGealacha ShatairnÚránasGealacha ÚránaisNeiptiúnGealacha NeiptiúinPlútónGealacha PhlútóinHaumeaGealacha HaumeaMakemakeCrios KuiperErisDysnomiaAn diosca scaiptheScamall HillsScamall OortSolar System Template.png
An Ghrian · Mearcair · Véineas - an Domhan - Mars · Ceiréas · Iúpatar · Satarn · Úránas · Neiptiún · Plútón · Haumea · Makemake · Eris