Damba
Jump to navigation
Jump to search
Bac is ea damba, déanta as carraigeacha, cré, coincréit, saoirseacht cloiche, chun srian a choimeád ar uisce. De ghnáth déanann sé gnó eile freisin, mar shampla, cumhacht do ghineadóir hidrileictreach, uisciú, tuilte a smachtú.
Más damba carraigeacha is cré é, ní mór an dromchla in aghaidh an tsrutha a dhéanamh díonach ar uisce.
Cineálacha éagsúla dambaí[cuir in eagar | athraigh foinse]
Is féidir le damba coincréite a bheith ina dhamba domhantarraingthe (seasann brú an uisce lena mheáchan amháin) nó ina dhamba aonstuach nó ilstuach.
- Aonstuach. Cuirtear damba aonstuach i gcainneon caol le ballaí carraigeacha, agus seasann na ballaí seo an brú ar aghaidh srutha an damba.
- Ilstuach. I ndamba ilstuach, úsáidtear tacaí taobh thiar de chun an brú ollmhór a sheasamh. Sa tSín a bhí na dambaí is seanda atá ar an taifead, ón 6ú haois RC.
Samplaí[cuir in eagar | athraigh foinse]
Samplaí nua-aoiseacha is ea
- Damba Ard Aswān san Éigipt
- Damba an Grand Coulee i Washington
- Damba Hoover in Arizona
- Damba na dTrí Mhám sa tSín.
Tubaistí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Ar an 12 Márta 1928, theip ar Dhamba San Proinsiais lastuaidh de Los Angeles i gCalifornia. Fuair 600 duine bás dá bharr.
- Rinneadh bearna sa damba Mohne, sa Ghearmáin ar an 17 Bealtaine 1943 (obráid "Chastise"[1] sa Dara Cogadh Domhanda).
|
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
|
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |