Cúba

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Infotaula de geografia políticaCúba
República de Cuba (es) Edit the value on Wikidata
Flag of Cuba (en) Coat of arms of Cuba (en)
Flag of Cuba (en) Aistrigh Edit the value on Wikidata Coat of arms of Cuba (en) Aistrigh Edit the value on Wikidata

Aintiún La Bayamesa (en) Aistrigh Edit the value on Wikidata

Mana «¡Patria o Muerte, Venceremos!»
«Homeland or Death, we shall overcome!»
«Родина или смърт, ние ще победим!»
«Fe Orchfygwn Angau neu Famwlad»
«Autentica Cuba» Edit the value on Wikidata
Suíomh
Cuba (orthographic projection).svg Edit the value on Wikidata
 22°00′N 79°30′W / 22°N 79.5°W / 22; -79.5

Príomhchathair La Habana Edit the value on Wikidata
Daonra
Iomlán 11,181,595 (2020) Edit the value on Wikidata
Teanga, nó leagan teanga An Spáinnis
Cuban Spanish (en) Aistrigh Edit the value on Wikidata
Tíreolaíocht
Cuid de Meiriceá Laidineach, Hispanic America (en) Aistrigh agus Caribbean (en) Aistrigh Edit the value on Wikidata
Achar dromchla 109,884 km² Edit the value on Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisce Muir Chairib agus Murascaill Mheicsiceo Edit the value on Wikidata
Pointe is airde Pico Turquino (en) Aistrigh (1,974 m) Edit the value on Wikidata
Pointe is ísle Muir Chairib (0 m) Edit the value on Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Leanann sé/sí Republic of Cuba (en) Aistrigh Edit the value on Wikidata
Cruthú Nollaig 10, 1898
Eagraíocht pholaitiúil
Comhlacht reachtach National Assembly of People's Power (en) Aistrigh Edit the value on Wikidata
• Uachtarán CHúba Edit the value on Wikidata Miguel Díaz-Canel (Aibreán 19, 2018) Edit the value on Wikidata
• Príomh-Aire Chúba Edit the value on Wikidata Manuel Marrero Cruz (en) Aistrigh (Nollaig 21, 2019) Edit the value on Wikidata
Eacnamaíocht
Airgeadra Cuban peso (en) Aistrigh Edit the value on Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Fearann Idirlín barrleibhéil .cu (en) Aistrigh Edit the value on Wikidata
Glaochód +53 Edit the value on Wikidata
Uimhir theileafóin éigeandála 106 (en) Aistrigh, 104 (en) Aistrigh agus 105 (en) Aistrigh Edit the value on Wikidata
Eile

Láithreán gréasáin cuba.cu Edit the value on Wikidata

Tír is ea Poblacht Chúba atá suite i Muir Chairib. Is cuid den tír iad an t-oileán Cúba féin, Isla de la Juventud agus go leor oileán beag eile thart timpeall. Is é oileán Chúba an t-oileán is mó i Muir Chairib.

Bhí Fidel Castro i gceannas na tíre ó d'éirigh lena réabhlóid chumannach i gcoinne rialtas Fulgencio Batista i 1959. Tháinig a dheartháir Raúl mar chomharba air ar an 24 Feabhra 2008.

Trinidad

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhunaigh na Spáinnigh cóilíneacht ar an oileán sa 16ú haois. Níor bhain Cúba a neamhspleáchas amach go dtí 1902, ceithre bliana i ndiaidh an cogadh idir an Spáinn agus na Stáit Aontaithe Mheiriceá. Ba bhlianta casta iad tús an 20ú haois le rialtais nár mhair i bhfad agus cur isteach an airm sa pholaitíocht.

Deachtóireacht Batista 1952-1958[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig Fulgencio Batista i gceannas ar an dtír mar dheachtóir i 1952. Cé go raibh aithne air go dtí sin mar liobrálaí, thosaigh sé a naimhde polaitiúla a chur faoi chois. Bhí géarchéim eacnamaíoch sa tír ag an am, le formhór na ndaoine ag maireachtáil i mbochtanas.

Theith Batista ón oileán ar an 31 Nollaig 1958.

Fulgencio Batista, 10 Samhain 1939, i Washington, D.C

Réabhlóid, 1959[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuir Fidel Castro agus a chomhghleacaithe (Che Guevara san áireamh) feachtas míleata in aghaidh an rialtais ar bun ag deireadh 1956. Ghlac siad seilbh ar Havana ar 1 Eanáir 1959.

Bahía de Cochinos, 1961[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig teannas sa chaidreamh idir Cúba agus a chomharsa SAM nuair a náisiúnaigh an rialtas nua gnóthaí SAM go léir sa tír agus d'fhógair siad a gcairdeas leis an t-Aontas Sóivéadach (APSS). Chuir SAM smachtbhannaí i bhfeidhm go gairid ina dhiaidh is thacaigh an t-uachtarán John F. Kennedy le iarracht an rialtas cumannach a ruaigeadh le hionradh Bahía de Cochinos ar 15 Aibreán 1961.

Presidente de República de Cuba, Raúl Castro, 2015

Géarchéim 1962[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ardaíodh an teannas arís idir Dheireadh Fómhair agus Samhain 1962 nuair a tháinig SAM ar fhianaise go raibh na Cúbaigh ag tógáil aonad do dhiúracáin núicléacha ar an oileán, le cabhair ón Aontas Sóivéadach. Ba bhuaicphointe an Chogaidh Fhuaire é an eachtra seo.

Sa deireadh rinne SAM agus APSS margadh agus thóg na Rúisigh na diúracáin ón oileán le gealltanas ó rialtas SAM nach ndéanfadh siad iarracht eile an t-oileán a ionradh.

2000idí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig deartháir Fidel Castro, Raúl, mar chomharba air, ar an 24 Feabhra 2008.

Tíreolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is oileán í Cúba atá suite i Muir Chairib ag 21°3Thuaidh, 80°00Thiar. Is í Cúba an príomhoileán.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]