Shenzhen

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Infotaula de geografia políticaShenzhen
深圳 (zh) Edit the value on Wikidata
The west panorama of Shenzhen2021.jpg
Edit the value on Wikidata

Suíomh
Guangdong subdivisions - Shenzhen.svg Edit the value on Wikidata
 22°32′06″N 114°03′14″E / 22.535°N 114.054°E / 22.535; 114.054
Stát ceannasachDaon-Phoblacht na Síne
Province of the People's Republic of ChinaGuangdong Edit the value on Wikidata
Daonra
Iomlán 17,494,398 (2020) Edit the value on Wikidata
Teanga, nó leagan teanga An tSínis Edit the value on Wikidata
Tíreolaíocht
Cuid de Pearl River Delta (en) Aistrigh Edit the value on Wikidata
Achar dromchla 1,997.27 km² Edit the value on Wikidata
Airde 0 m Edit the value on Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Cruthú 1979
Eagraíocht pholaitiúil
Comhlacht reachtach Q22098609 Aistrigh Edit the value on Wikidata
• Ceannaire an rialtais Xu Qin Edit the value on Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist 518000 Edit the value on Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
UTC+08:00 (en) Aistrigh Edit the value on Wikidata
Glaochód 755 Edit the value on Wikidata
Eile

Láithreán gréasáin sz.gov.cn Edit the value on Wikidata

Cathair i ndeisceart chúige Guangdong i nDaonphoblacht na Síne is ea Shenzhen (Sínis : 深圳 Cantainéis: sāmjan; Hanyu pinyin Shēnzhèn). Tá Shenzhen suite ar an gcósta go díreach lastuaidh de Hong Cong. Tá sé ar cheann de na calafoirt coimeádán is gnóthaí ar domhan. Is é an príomh-ionad airgeadais i ndeisceart na Síne é. Bhí 10,630,000 duine ina gcónaí ann sa bhliain 2013.

Is é an bhrí atá le hainm na cathrach ná "claiseanna doimhne", tagairt do na srutha agus claiseanna a bhíodh líonmhar sular cuireadh tús leis an fhorbairt uirbeach ann sa cheathrú deireannach den 20ú haois.

I mí na Bealtaine, 1980, chuir rialtas Dhaonphoblacht na Síne Crios Eacnamaíoch Speisialta ar bun sa cheantar ina bhfuil Shenzhen anois, an chéad cheantar den chineál sin sa tír, rogha loighiciúil mar tá Shenzhen suite chomh cóngarach do Hong Cong, príomhchalafort an réigiúin a bhí ina choilíneacht Bhriotanach ag an am. Ní raibh ach 30,000 duine ina gcónaí i Shenzhen ag an am.