Tionscnamh Straitéiseach Cosanta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Plean a rinne an tUachtarán Reagan i 1983, go saothródh na Stáit Aontaithe teicneolaíochtaí chun sciath arm cosanta a leagan amach i sraitheanna, amuigh sa spás den chuid is mó, ábalta diúracáin bhailistíocha ionsaitheacha a mhilleadh is a chur anuas. Saitilítí i bhfithisí timpeall an Domhain a bheadh i gceist, iad in ann lainseáil na ndiúracán naimhdeach a bhrath, a aithint, agus fiú a spriocanna a dhíorthú. Bheadh na saitilítí seo, nó compánaigh, armtha le hairm nua-aoiseacha, bunaithe ar léasair chumasacha, nó diúracáin fhuinniúla, lenarbh fhéidir na diúracáin bhagracha a ionsaí is a mhilleadh i bhfad roimh theacht chun spríce dóibh. Bhí an taighde ina chomhair fíorchostasach, fiú, agus níl sé cinnte fós gur féidir na hairm is gá chuige a dhéanamh. Mar sin, plean conspóideach ab ea é, agus bhí eagla ar chuid mhaith daoine go n-úsáidfí na hairm nua chun ionsaithe chomh maith. Athraíodh ainm an tionscnaimh faoin Uachtarán Clinton, ach táthar ag leanúint den taighde i gcónaí. Tugadh Cogadh na Réaltaí mar mhasla air.