Vicipéid:Fáilte, a núíosaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Tá fáilte romhat go Vicipéid, ciclipéid shaor atá á comhscríobh faoi láthair ar an suíomh seo. Cuireadh tús le Vicipéid na Gaeilge ar 7 Meitheamh 2003 agus faoi láthair tá 56,218 alt ar fáil ann. Tá gach uile alt sa suíomh seo faoi chosaint an Cheadúnais GNU do Dhoiciméadú Saor. Mar sin, beifear in ann teacht orthu go deo gan bhac.

Is féidir le duine ar bith, tusa san áireamh, alt ar bith a chur in eagar anois díreach. Níl le déanamh agat ach brú ar an nasc Cuir in eagar (nó Cuir foinse in eagar) atá suite ag barr gach leathanach. Mura bhfuil alt scríofa ar ábhar éigin go fóill, is féidir leat alt nua a chruthú. Ná bí buartha mura bhfuil Gaeilge líofa agat agus tú ag cruthú alt nua. Is féidir an teimpléad seo a chur ar bharr an ailt ionas go mbeidh cainteoir dúchasach nó cainteoir líofa in ann súil a chaitheamh ar an litriú agus ar an ngramadach níos déanaí. Más rud é go bhfuil leagan Gaeilge ar fhocal nó ar théarma ag teastáil uait, bain triail as na foclóirí agus na bainc théarmaíochta atá ar fáil ar líne. Mar shampla, teanglann.ie, foclóir.ie achmhainn.ie, téarma.ie, irishdictionary.ie, IATE, Pota Focal agus gaois.ie.

Tá sé inmholta cuntas a chruthú duit féin sula dtosaíonn tú ag déanamh aon eagarthóireacht, ionas go mbeidh sé níos éasca comhoibriú leat agus dul i dteagmháil leat. Mura bhfuil cuntas agat go fóill, téigh go dtí an leathanach seo.

Tá roinnt beartais agus treoirlínte i bhfeidhm anseo chun obair éifeachtach a chinntiú. Mar shampla, caithfidh gach duine ailt a scríobh le dearcadh neodrach, neamhchlaonta – fiú na hailt a bhaineann le hábhair chonspóideacha.

Má bhíonn ceisteanna nó fadhbanna teicniúla agat, bain úsáid as an halla baile chun iad a phlé leis na Vicipéideoirí eile. Bíonn roinnt comhráite ar siúl sa lárionad comhphobail freisin.

Bí dána maidir le do chuid athruithe! Tá gá ag Vicipéid leatsa, agus tá súil againn go mbainfidh tú taitneamh as úsáid na háise saoire tairbhí seo.

Go n-éirí leat!

Féach freisin ar[athraigh foinse]