Sinc

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Sinc
Siombail Cheimiceach Zn
Uimhir Adamhach 30
Meáchan Adamhach 65.409(4) g·mol−1
Grúpa, Peiriad 12, 4, d
Dlús 7.14 g·cm−3
Sraith Cheimiceach Miotail trasdultacha
Zn-TableImage.svg

Is í an tsinc dúil cheimiceach uimhir a 30, agus is í an tsiombail cheimiceach atá aici ná Zn. Miotal bánghorm í, agus is iomaí úsáid a bhaintear aisti sa teicneolaíocht agus sa tionsclaíocht.

Áirítear ar na miotail thrasdultacha í, ach le fírinne, tá sí níos cosúla leis na miotail chré-alcaileacha ina saintréithe ceimiceacha. Tá an tríú sceall lán (ocht leictreon déag) agus dhá s-leictreon taobh amuigh de.

Murab ionann agus an dá mhiotal eile in aon ghrúpa leis, an caidmiam agus an mearcair, ní trom-mhiotal nimhiúil í an tsinc. A mhalairt ar fad, tá an tsinc riachtanach d'orgánach an duine mar riandúil, agus í le fáil ina lán einsímí tábhachtacha. Is í an t-aon uimhir ocsaídiúcháin amháin a bhíonn aici ina cuid comhdhúl ná +2.