Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann
![]() | |||||
---|---|---|---|---|---|
United Kingdom of Great Britain and Northern Ireland (en-gb) ![]() | |||||
|
|||||
| |||||
Aintiún |
God Save the Queen ![]() | ||||
| |||||
| |||||
Suíomh | |||||
| |||||
| |||||
Príomhchathair |
Londain ![]() | ||||
Daonra | |||||
Iomlán |
66,022,273 (2017) ![]() | ||||
Teanga, nó leagan teanga |
An Béarla (De facto) ![]() | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de |
Comhlimistéar taistil agus Comhlathas Briotanach ![]() | ||||
Achar dromchla |
242,495.406794 km² ![]() | ||||
Pointe is airde |
Beinn Nibheis (1,344 m) ![]() | ||||
Pointe is ísle |
The Fens (−4 m) ![]() | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí |
Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann ![]() | ||||
Cruthú | Aibreán 12, 1927 | ||||
Eachtra barrthábhachtach | |||||
Saoire phoiblí |
New Year's Day (en) ![]() An Nollaig (25 Nollaig) Lá Fhéile Pádraig (17 Márta) International Workers' Day (en) ![]() Boxing Day (en) ![]() Luan Cásca (Easter + 1 day (en) ![]() Aoine an Chéasta (Easter − 2 days (en) ![]() ![]() | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Córas rialtais |
monarcacht bhunreachtúil ![]() | ||||
Comhlacht feidhmiúcháin |
Rialtas na Ríochta Aontaithe ![]() | ||||
Comhlacht reachtach |
Parlaimint na Ríochta Aontaithe ![]() | ||||
• monarc na Ríochta Aontaithe ![]() |
Eilís II (Feabhra 6, 1952) ![]() | ||||
• Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe ![]() |
Boris Johnson (Iúil 24, 2019) ![]() | ||||
Údarás breithiúnach is airde |
Supreme Court of the United Kingdom (en) ![]() ![]() | ||||
Eacnamaíocht | |||||
Airgeadra |
Punt steirling ![]() | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Fearann Idirlín barrleibhéil |
.uk (en) ![]() ![]() ![]() | ||||
Glaochód |
+44 ![]() | ||||
Uimhir theileafóin éigeandála |
999 agus 112 ![]() | ||||
Eile | |||||
| |||||
Láithreán gréasáin |
gov.uk ![]() |
Is éard atá i Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann,[1] ar a dtugtar An Ríocht Aontaithe (RA) agus An Bhreatain fosta (Béarla: United Kingdom of Great Britain and Northern Ireland nó United Kingdom nó UK), ná stát ceannasach atá suite siar ó thuaidh ó chósta Mhór-Roinn na hEorpa. Áiríonn an tír oileán na Breataine Móire, an chuid thoir thuaidh d’oileán na hÉireann, agus go leor oileán níos lú eile. Is é Tuaisceart Éireann é an t-aon chuid den RA a bhfuil teorainn talún aige le stát eile – Poblacht na hÉireann. Is é Tuaisceart Éireann é an t-aon chuid den RA a bhfuil teorainn talún aige le stát ceannasach eile nuair nach nglactar na Spleáchais (Giobráltar agus Akrotiri agus Dhekelia) san áireamh. Tá teorainn idir Giobráltar agus an Spáinn, chomh maith leis sin tá teorainn ag Akrotiri agus Dhekelia le Poblacht na Cipire agus ag Dhekelia le Poblacht Thuaisceart na Cipire (atá faoi cheannas Turcaigh an oileáin ach nach bhfuil aitheantas idirnáisiúnta aige), agus an Crios Maolánach de chuid na NA a scarann an dá thír ar an oileán. Seachas an teorainn talún seo, bíonn an tAigéan Atlantach thart timpeall na tíre ar fad siar agus ó thuaidh, bíonn an Mhuir Thuaidh ina luí soir, an Mhuir nIocht ó dheas agus Muir Éireann siar.
Is í foirm rialtais na tíre í monarcacht bhunreachtúil le córas parlaiminteach. Is í cathair Londain í an phríomhchathair. Tá 4 thír chomhdhéanaimh sa RA: Tuaisceart Éireann, Alba, An Bhreatain Bheag agus Sasana. [2] Tá fo-rialtais chineachta ag na chéad 3 chinn acu seo, a bhfuil cumhachtaí athraitheacha acu[3][4] bunaithe ina bpríomhchathracha, Béal Feirste, Dún Éideann agus Caerdydd faoi seach. Gaolmhar leis an RA gan a bheith ina gcodanna di atá 3 Spleáchas na Coróine: Geansaí, Geirsí agus Manainn.[5] Tá 14 Chríoch Thar Lear.[6] Is ionann iad seo agus píosa iarmharacha de Impireacht na Ríochta Aontaithe, ina raibh beagnach ceathrú iomlán de dhromchla an domhain ag deireadh an 19ú haois agus toiseacht an 20ú haois. Ba í an Impireacht í an ceann is mó riamh ar domhan. Tchítear tionchar na RA i leitheadúlacht an Bhéarla mar mheán cumarsáide, cultúr na nOileán Briotanach, agus córais dlí i dtíortha ar fud na cruinne.
Is tír fhorbartha í an RA, a bhfuil an cúigiú geilleagar is mó ar domhan aige de réir OTI ainmneach agus an naoú ceann is mó ar domhan de réir Paireachta Cumhacht Cheannaigh. Ba í an chéad tír thionsclaíoch ar domhan í [7] agus an neart is tábhachtaí ar domhan i rith an 19ú haois agus go luath san 20ú haois.[8] Déantar tagairt go seadh don RA mar neart ollmhór agus tá go fóill cumhachtaí ollmhóra aigi i leith na heacnamaíochta, an chultúir, an mhíleata agus na n-eolaíochtaí aici, mar aon le tionchar nach beag go hidirnáisiúnta.[9][10] Is stát núicléach aitheanta é agus caitheann sé an ceathrú caiteachas is mó ar domhan ar chúrsaí míleata. [11]
Tá tuairim is 65 milliún duine ina gcónaí sa Ríocht Aontaithe: breis is 55 milliún i Sasana, cúig mhilliún in Albain, trí mhilliún sa Bhreatain Bheag agus cúpla milliún i dTuaisceart Éireann.
Rinne Sasana concas ar an mBreatain Bheag i rith na Meánaoise. Chruthaigh Acht an Aontais 1707 Ríocht Aontaithe na Breataine Móire, agus chruthaigh Acht an Aontais 1800 Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann. Nuair a bhain Saorstát Éireann a neamhspleáchas amach san fhichiú céad, cruthaíodh Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann.
Is stát aonadach é an Ríocht Aontaithe, rialaithe faoi monarcacht bhunreachtúil agus córas parlaiminteach, lena shuíochán rialtais sa phríomhchathair, Londain.
Eacnamaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]
Úsáidtear an punt steirling mar airgeadra sa Ríocht Aontaithe. Dar le tuairisc na bliana 2017 ón gCiste Airgeadúil Idirnáisiúnta, is é geilleagar na Ríochta Aontaithe an 9ú ceann is mó ar domhan de réir olltáirgeacht intíre (OTI) paireachta cumhacht cheannaigh (PCC), agus an 5ú ceann de réir OTI ainmniúla. De réir OTI PCC de réir chónaithigh, is an 28ú geilleagar is mó ar domhan atá ag an Ríocht Aontaithe, é ar $43,620 don chónaitheach.
De réir Innéacs Forbartha Daonna, Socraithe don Éagothroime, 2019 na Náisiún Aontaithe (en), innéacs a dhéanann iarracht an caighdeán maireachtála a thomhas i ngach tír de réir gnéithe eacnamaíochta agus neamheacnamaíochta, is í an 15ú tír is forbartha ar domhan í an Ríocht Aontaithe, as 150 tír a tomhaiseadh.[12] Dá mbeadh an Ríocht Aontaithe ina ballstát san Aontas Eorpach, chuirfeadh sé sin í mar an 10ú tír is forbartha san eagraíocht sin. I dTuarascáil Sonais Domhanda 2018 na Náisiún Aontaithe, meastar gurb í an Ríocht Aontaithe an 19ú tír is sona, as 156 thír.
Is í an earnáil seirbhíse (nó an tríú earnáil) an earnáil is mó i ngeilleagair na tíre, agus timpeall ar 80% de phostanna sa Ríocht Aontaithe san earnáil seo.[13] I Mí na Samhna 2019, bhí ráta dífhostaithe na tíre ag 3.7%, an seachtú leibhéal is lú san Aontas Eorpach dá mbeadh an Ríocht Aontaithe páirteach san eagraíocht sin.[14]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ Sa Ríocht Aontaithe agus sna Spleáchais, aithnítear teangacha eile go dleathach mar theangacha dúchasacha régiúnacha faoin Chairt Eorpach um Theangacha Réigiúnacha agus Mionlaigh. In achan cheann acu seo is é ainm na tíre:
- Coirnis: Rywvaneth Unys Breten Veur ha Kledhbarth Iwerdhon;
- Gaeilge: Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann;
- Albainis: Unitit Kinrick o Great Breetain an Northren Irland;
- Ulster-Scots: Claught Kängrick o Docht Brätain an Norlin Airlann
nó Unitet Kängdom o Great Brittain an Norlin Airlann;
- Ulster-Scots: Claught Kängrick o Docht Brätain an Norlin Airlann
- Gaeilge na hAlban: Rìoghachd Aonaichte na Breatainne Mòire is Èireann a Tuath;
- Breatnais: Teyrnas Unedig Prydain Fawr a Gogledd Iwerddon
- ↑ "Tíortha lastigh de thír".
- ↑ "Titim i líon na mac léinn sa RA". BBC News.
- ↑ "Foramhairc Tíortha: An Ríocht Aonraithe".
- ↑ "Bunfhíricí na Ríochta Aontaithe". “The full title of this country is 'the United Kingdom of Great Britain and Northern Ireland'. 'The UK' is made up of England, Scotland, Wales, and Northern Ireland. 'Britain' is used informally, usually meaning the United Kingdom. 'Great Britain' is made up of England, Scotland and Wales. The Channel Islands and the Isle of Man are not part of the UK.”
- ↑ "Ag Obair le Spleáchais Thar Lear".
- ↑ Mathias, P. (2001). "{{{title}}}". Londain: Routledge.
- ↑ Ferguson, Niall (2004). "{{{title}}}". New York: Basic Books.
- ↑ "Tá deis ag Cameron an RA a thabhairt chun bearr a fheabhais in athuair". The Australian.
- ↑ "Is í an RA an náisiún is cumhachtaí ar domhan". The Independent.
- ↑ "Na 15 Thír is mó Caithimh i 2011". Military Expenditures.
- ↑ Náisiúin Aontaithe (2019). "Human Development Report 2019 - Overview" (Béarla). Dáta rochtana: 15-03-2020.
- ↑ Lorna Booth (2019-01-11). "Components of GDP: Key Economic Indicators".
- ↑ "Unemployment statistics - Statistics Explained". ec.europa.eu. Dáta rochtana: 2019-01-26.
![]() |
An tAontas Eorpach (AE) | ![]() |
---|---|---|
an Bheilg • an Bhulgáir • an Chipir • an Chróit • an Danmhairg • an Eastóin • Éire • an Fhionlainn • an Fhrainc • an Ghearmáin • an Ghréig • an Iodáil • an Ísiltír • an Laitvia • an Liotuáin • Lucsamburg • Málta • an Ostair • an Pholainn • an Phortaingéil • an Rómáin • an tSeic • an tSlóvaic • an tSlóivéin • an Spáinn • an tSualainn • an Ungáir | ||
Tíortha iarrthacha | ||
an Íoslainn • an Mhacadóin Thuaidh • Montainéagró • an tSeirbia • an Tuirc |
Comhlathas na Náisiún | ||
---|---|---|
![]() ![]() • |
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |