Heirts

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Is rud é heirts (hertz) ann: aonad minicíochta, agus é cothrom le ciogal in aghaidh an tsoicind. Hz an giorrúchán ar heirts. Is mar seo a chuirtear síos ar thonn nó ar radaíocht: i dtéarmaí an tonnfhaid (λ an fad ó bhuaic amháin go dtí an chéad bhuaic eile); agus i dtéarmaí na minicíochta f (an méid buaiceanna in aghaidh an tsoicind). Bíonn λ = c/f, nó f = c/λ, sa chás gurb é c luas forleata na radaíochta. kHz an giorrúchán ar chiliheirts, is é sin míle heirts, agus is ionann meigiheirts (MHz) agus milliún heirts.