Pori

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Pori
Björneborg (Sualainnis)
Pori

Halla na Cathrach

Suíomh

61°29′ Thuaidh 21°48′ Thoir

Rialtas
Tír Flag of Finland.svg An Fhionlainn
Réigiún Satakunta
Méara Aino-Maija Luukkonen
Déimeagrafaic
Achar 511.88 km²
Daonra 76,205
Dlús daonra 151.4/km²
www.pori.fi

Cathair in Iarthar na Fionlainne í Pori (Sualainnis: Björneborg, nó "Cathair na mBéar" - leagan truaillithe den ainm seo is ea an leagan Fionlainnise). Bhí 76,355 duine ina gcónaí ansin ar an 31 Lúnasa 2008. Is í féile an tsnagcheoil, nó Pori Jazz, is mó a thabhaíonn clú don áit taobh amuigh den Fhionlainn, ach thairis sin, tá clú ar na cladaí gainimh in Yyteri agus ar an bhfoireann áitiúil haca oighir, Porin Ässät.

Is iomaí uair a chuaigh an chathair trí thine, agus nuair a tharla sin an uair dheireanach, faoi dheireadh na naoú haoise déag, thug an tImpire ar an ailtire Georg Theodor von Chiewitz cuma nua a chur ar an áit ar fad. Theastaigh ó Chiewitz cuma níos fairsinge a bheith ar an gcathair, agus a aithne sin ar chuid mhór de Phori inniu féin.

Tá clú ar an inscríbhinn Laidine ar halla na cathrach freisin: Curia Arctopolis ("áras Chathair na mBéar"). Ó nach bhfuil mórán Laidine ag muintir na cathrach, is é an chiall a bhain lucht an ghrinn as na focail ná kuri ja ankara poliisi ("smacht agus dianphóilíniú").