Gradaim Fhoilsitheoireachta || An tOireachtas

Fógairt Bhuaiteoirí na nGradam Foilsitheoireachta 2021
& Seoladh Phortráidí na Scríbhneoirí Gaeilge

D’fhógair An tOireachtas, i gcomhpháirt le Foras na Gaeilge, Dé Máirt, 5 Deireadh Fómhair 2021 buaiteoirí Ghradaim Fhoilsitheoireachta 2021 – Gradam Réics Carló  (Leabhar na Bliana don Léitheoir Óig),  Gradam de Bhaldraithe (Leabhar na Bliana do shaothar aistrithe go Gaeilge ó theanga eile) agus Gradam Uí Shúilleabháin (Leabhar na Bliana don Léitheoir Fásta).

Is comórtais iad seo atá dírithe go príomha ar fhoilsitheoirí leabhar Gaeilge cé go mbronnfar duais ar údar na nduaisiarrachtaí agus i gcás Gradam Réics Carló, ar ealaíontóir an leabhair chomh maith. Roghnaíodh na buaic-shaothair de réir na gcritéar seo a leanas: fiúntas an ábhair; caighdeán na Gaeilge; dearadh an leabhair, ag áireamh téacs, clúdach, léaráidí agus dea-chleachtas foilsitheoireachta; caighdeán foilsitheoireachta; agus mar a fhreastalaíonn an leabhar ar riachtanais an mhargaidh léitheoireachta.

Torthaí na nGradam Foilsitheoireachta 2021
Gradam Uí Shúilleabháin (Leabhar na Bliana don Léitheoir Fásta)
AISTEOIRÍ GHAOTH DOBHAIR 1931-1981
Údar: Noel Ó Gallchóir - €2,500
Féinfhoilsithe - €5,000

Gradam Réics Carló (Leabhar na Bliana don Léitheoir Óig)
CLUASA CAPAILL AR AN RÍ
Údar: Bridget Bhreathnach - €1,250
Maisitheoir: Shona Shirley Macdonald - €1,250
Foilsitheoir: Futa Fata - €5,000

Gradam de Bhaldraithe (Leabhar na Bliana do Shaothar Aistrithe go Gaeilge ó Theanga Eile)
TAISCE RAGA RUA
Aistritheoir: Gabriel Rosenstock - €500
Foilsitheoir: Dalen Éireann- €1,500

Gearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin

Gearrliosta Ghradam Réics Carló

Gearrliosta Ghradam de Bhaldraithe