Dracula

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
WD Bosca Sonraí LeabharDracula
Dracula1st.jpeg
Clúdach an chéad eagráin
Sampla de saothar liteartha
Sonraí teicniúla
Údar Bram Stoker
Teanga An Béarla
Maisitheoir Pierre Falké (en) Aistrigh
Foilsithe Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann, 1897 Edit the value on Wikidata
Sonraí an tsaothair
Ábhar Arracht, human sexuality (en) Aistrigh agus epidemic (en) Aistrigh
Séanra Uafás, Gotach
Leathanaigh 418
Caractair
Suíomh an scéil Whitby, An Trasalváin, Londain, Eastern Carpathians (en) Aistrigh, Bistrița (en) Aistrigh, Tihuța Pass (en) Aistrigh, Búdaipeist, Hampstead, Purfleet-on-Thames (en) Aistrigh, Varna, Abhainn Siret agus Galați (en) Aistrigh
Tuilleadh eolais
OCLC 1447002

Is úrscéal Béarla é Dracula leis an údar Éireannach Bram Stoker a tháinig i gcló an chéad uair sa bhliain 1897. Díríonn an scéal ar an gCunta Dracula ar súmaire, nó vaimpír, é, agus tionchar an bhéaloidis Bhalcánaigh le haithint go soiléir ar an úrscéal.

Is é an t-úrscéal seo is bunrúta leis an tsuim a chuireann Hollywood agus na scríbhneoirí lónléitheoireachta sna vaimpírí go dtí an lá inniu ann, nó is beag duine sna tíortha Béarla a chuala an focal sin "vaimpír" sular tháinig an leabhar seo i gcló. Ba é Archibald Constable and Co an comhlacht a d'fhoilsigh an chéad eagrán sin. Eagrán faoi chlúdach bog a bhí ann.

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fuair an súmaire Dracula a ainm ó Vlad Țepeș, nó Vlad Drăculea, prionsa Trasalvánach a bhí ag rialú Chúige na Valáise (Wallachia) nó Țara Românească sa 15ú haois. Bhí sé ag cur troda ar na Turcaigh Otamánacha agus ag déanamh ródaigh ar na seanuaisle sa Valáis. Chuaigh na scéalta uafáis faoin dóigh a raibh sé ag sá a chuid namhad le cuaillí ar fud na hEorpa, agus tháinig cáil ar "Vlad na gCuaillí". Dealraíonn sé, áfach, gurbh é an Ungárach Maitias Corvinus a chuir an chuid ba mhó de na scéalta seo ag imeacht. Namhaid polaitiúil de chuid Vlad a bhí ann ar theastaigh uaidh an prionsa a chlúmhilleadh. Is ar éigean is féidir a rá gur dhearscnaigh sé thar phrionsaí eile na linne sna Balcáin i gcruálacht.

Pé scéal é, ó scaip an Rí Maitias scéalta uafáis faoi Vlad, chuaigh an prionsa in annála na staire mar chéasadóir is mar arrachtach.

Maidir leis an súmaire nó an vaimpír, is carachtar tábhachtach é i mbéaloideas na mBalcán agus na Slavach. Chaith Bram Stoker seacht mbliana ag déanamh taighde ar bhéaloideas Oirthear na hEorpa ar lorg inspioráide, agus is ansin a tháinig sé ar na scéalta faoi Vlad Drăculea agus faoi vaimpírí. Chinn sé ar an dá mhóitíf seo a phósadh, agus ba é an Cunta Dracula, mar is aithin dúinn inniu é, ba toradh don chleamhnas sin.

Bela Lugosi mar Dracula,1931

Bhí Bram Stoker cairdiúil le hArminius Vambery, taiscéalaí, saineolaí ar theangacha an Oirthir agus spiaire Sasanach a rugadh san Ungáir, agus deirtear go bhfuair sé cuid mhór dá eolas ar bhéaloideas na mBalcán ó Vambery. Is féidir freisin gur bhunaigh sé carachtar Abraham Van Helsing ar Vambery. Níl ann ach tuairimíocht, áfach.

Bela Lugosi mar Dracula,1931

Cé go bhfuil Dracula ar an úrscéal is tábhachtaí faoi vaimpírí i litríocht an Bhéarla, níorbh é an chéad cheann é. Fuair Stoker inspioráid áirithe ón nóibhille Carmilla le Joseph Sheridan Le Fanu, a foilsíodh breis is fiche bliain roimh Dracula. Scéal earótach uafáis é Carmilla a bhfuil blas an leispiachais air, agus é ag tabhairt cur síos ar an vaimpír mná Carmilla agus a cairdeas cinniúnach le cailín óg macánta darb ainm Laura.

An Scéal[cuir in eagar | athraigh foinse]

I dtús an úrscéil tagann an dlíodóir óg Sasanach Seon Ó hEarcair (Jonathan Harker) ar cuairt chuig an gCunta Dracula le cuidiú leis an gCunta aistriú go dtí Sasana agus talamh a cheannach in Exeter. Tá cónaí ar an gCunta i seanchaisleán sa Trasalváin, agus é sásta lóistín a thabhairt do Sheon ansin, ach i ndiaidh tamaill faigheann Seon amach go bhfuil sé ina chime sa chaisleán agus go bhfuil vaimpírí ann - triúr vaimpírí ban agus iad ag iarraidh é a chealgadh. Sa deireadh éalaíonn Seon lena anam as an áit.

Sighişoara, an Rómáin - Baile Dracula

Tugann an chéad eipeasóid eile sa leabhar cur síos ar an dóigh a ndéanann Dracula a bhealach go Sasana. Ní luaitear é, ach cuirtear in iúl go bhfuil sé ag taisteal faoi choim ar bhád Rúiseach. Titeann an bád ar an gcladach i Whitby, agus níl fágtha den chriú ach an captaen, agus é féin marbh. Léitear logleabhar an chaptaein, agus tagann sé chun solais ansin go raibh neach dofheicthe éigin ag marú na mairnéalach i rith an turais, go dtí nach raibh ann ach an captaen féin.

Bram Stoker, 1906

Agus é socraithe síos i Sasana anois, cuireann Dracula suim in Uilliamín "Mín" Ní Mhuirí (Wilhelmina "Mina" Murray), fiancée Sheoin Uí Earcair, agus ina cara Laoise (Lucy) Westenra. Tosaíonn Laoise ag stiúgadh le tinneas aisteach, agus glaonn Seán Suaird, cara le Laoise agus dochtúir leighis, ar a chara, an tOllamh Abraham Van Helsing, teacht ón Ollainn le cuidiú leis biseach a thabhairt do Laoise.

Aithníonn Van Helsing gurbh é an vaimpíreachas atá i gceist, agus tosaíonn sé ar í a leigheas, ach nuair a fhilleann sé ar an Ollainn le freastal ar ghnó éigin, faigheann Laoise bás i dtimpiste aisteach. Go gairid ina dhiaidh sin, cloistear scéalta aisteacha faoi shúmaire mná agus í ag ionsaí páistí, agus tuigeann Van Helsing gurb í Laoise í. Le cuidiú Sheáin Shuaird agus beirt fhear eile a bhí ag suirí le Laoise agus í beo, téann Van Helsing ar thóir an chailín, agus sa deireadh maraíonn siad í, nó an vaimpír, tríd an gcloigeann a ghearradh di, a croí a shá le cuaille adhmaid agus a béal a líonadh le gairleog.

Bram Stoker, 1906

Idir an dá linn, bhí Seon Ó hEarcair ag bisiú i mBúdaipeist óna eachtra sa Trasalváin, agus tháinig Mín ansin le cuideachta a dhéanamh dó agus, mar a thiontaigh an scéal amach, le hé a phósadh. Anois, tagann siad abhaile, agus nuair a chloiseann siad céard a tharla do Laoise, téann siad i gcomhghuaillíocht le Van Helsing agus leis an triúr iar-shuiríoch le Dracula a mharú. Roimh an éacht sin a chur i gcrích, áfach, éiríonn le Dracula Mín a ionfhabhtú leis an vaimpíreachas, agus caithfidh Seon, Van Helsing agus na fir eile an-chath a chur ar an gCunta le Mín a tharrtháil.

Stair i mBéarla[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foilsíodh an leabhar Dracula don chéad uair ar 18 Bealtaine 1897. Lonnaigh Stoker cuid mhór d'imeachtaí a úrscéil  i Whitby in iarthuaisceart Shasana.

Bram Stoker's Dracula movie horizontal gold logo.png

Aistriúcháin go Gaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dracula.jpg

Ba é An Gúm a d'fhoilsigh leagan Gaeilge sa bhliain 1933. Chuir Seán Ó Cuirrín, a raibh canúint na nDéise ó dhúchas aige, Gaeilge ar an leabhar.

Tá scéal an tsúmaire fola anois ar fáil ar an Kindle i nGaelainn na nDéise.[1]

D'fhoilsigh An Gúm atheagrán sa bhliain 1997, agus ba é Maolmhaodhóg Ó Ruairc a chuir an t-eagrán seo in eagar. Ba é an t-ealaíontóir Rómánach Ion Codrescu a mhaisigh an leabhar. Rinneadh caighdeánú ar chanúint Uí Chuirrín agus fuair roinnt léitheoirí locht ar an gcleachtadh sin. Cé gur bunaithe ar bhunleagan an Déisigh atá an t-eagrán seo, níl pioc de chanúint a cheantair dúchais caomhnaithe ann ! Maille leis sin, tá an t-atheagrán ciorraithe go tréan.

Fuair Aoibheann Nic Dhonnchadha, agus í ag scríobh do An Linn Bhuí, bliainiris Ghaeltacht na nDéise, locht ar an nua-eagrán seo (An Linn Bhuí, uimhir a 2, 1998, lch. 115-118). Bhí sí den bharúil go ndeachaigh an fear eagair thar fóir ag iarraidh cuma na nua-ré a chur ar an téacs, agus nach raibh sé sách eolach ar an gcanúint lena ceart a thabhairt di. Samplaí de na hathruithe a rinne an t-eagarthóir ná:

  • amadántúlacht -> amaidí
  • diúgadh -> diúrnú
  • lobhadh -> lofacht
  • tuireasc -> sábh
  • cas -> catach
  • daitheannach -> daite
  • meáite -> trom
  • stractha -> stróicthe
  • cuibhreach an phósta -> cuing an phósta
  • Dracula, Sonzogno, Milano, 1922
    m'fhear pósta -> m'fhear céile
  • an nádúir -> an dúlra
  • le neart taoda -> le taghd feirge
  • tomanta -> diongbháilte, tréamanta, daingean

Cuireadh eagrán do dhéagóirí amach sa bhliain 1997 Dracula - Eagrán do Dhéagóirí. Is éard a bhí ann ná gearrinsint a scríobh Emmet B. Arrigan. Is í a mháthair, Mary Arrigan, a rinne na léaráidí agus Gabriel Rosenstock a d’aistrigh an leabhar go Gaeilge.[2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "‘Dracula’ ar fáil ar Kindle in am d’Oíche Shamhna" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2019-05-18.
  2. "Dracula (Eagrán do dhéagóirí) – Childrens Books Ireland" (en-US). Dáta rochtana: 2019-05-18.