Teach Ionadaithe na Stát Aontaithe
Is é Teach Ionadaithe na Stát Aontaithe teach íochtarach Chomhdháil na Stát Aontaithe. An Seanad a thugtar ar an teach uachtarach. Tá ionadaíocht chionmhar ag muintir gach Stát de réir a dhaonra, agus duine amháin, ar a laghad, ó gach Stát ina shuí ar an Teach. Faoi láthair, tá ceithre chéad tríocha cúigear ionadaí ar an Teach, líon a socraíodh in Acht an Ath-Chionroinnte, nó an Reapportionment Act, sa bhliain 1929, ach más gá, tá na cumhachtaí ag an gComhdháil an líon seo a athrú. Caitheann gach ionadaí téarma dhá bhliain ar an Teach, agus is féidir é a atoghadh arís agus arís eile, gan teorannú ar bith. Is iad baill an Tí a thoghann Ceann Comhairle an Tí, nó an Speaker, mar a thugtar air as Béarla.
Nuair a socraíodh córas bunreachtúil na Stát Aontaithe, theastaigh ó ailtirí an chórais - Aithreacha Bunaithe na Stát Aontaithe, mar a thugann na Meiriceánaigh orthu - dhá sheomra parlaiminte a chur ar bun. Is é an ról a cheap siad do Theach na nIonadaithe ná toil na sluaite a chur in iúl. San am céanna, bhí siad den tuairim go mbeadh gá leis an Seanad le maolú ar na hathruithe a thiocfadh ar intinn na sluaite agus na n-ionadaithe.
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |