Québec
![]() | |||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|
Québec (fr) ![]() | |||||||
|
|||||||
![]() ![]() | |||||||
| |||||||
Mana |
«Je me souviens (en) ![]() ![]() | ||||||
Siombail oifigiúil |
Ulchabhán sneachta, Betula alleghaniensis, Iris versicolor, fleur-de-lis (en) ![]() ![]() | ||||||
Ainmnithe in ómós |
Cathair Québec ![]() | ||||||
Suíomh | |||||||
| |||||||
| |||||||
Príomhchathair |
Cathair Québec ![]() | ||||||
Daonra | |||||||
Iomlán |
8,164,361 (2016) ![]() | ||||||
Teanga, nó leagan teanga |
An Fhraincis ![]() | ||||||
Tíreolaíocht | |||||||
Achar dromchla |
1,542,056 km² ![]() | ||||||
• Uisce |
11.5 % ![]() | ||||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce |
Loch Champlain, Abhainn Saint Lawrence agus Bá Hudson ![]() | ||||||
Pointe is airde |
Mount Caubvick (en) ![]() ![]() | ||||||
Pointe is ísle |
An tAigéan Artach (0 m) ![]() | ||||||
Ar theorainn le |
New Hampshire Maine New Brunswick Talamh an Éisc agus Labradar Nua-Eabhrac Vermont Ontario Nunavut (Aibreán 1, 1999) ![]() | ||||||
Sonraí stairiúla | |||||||
Leanann sé/sí |
Canada East (en) ![]() ![]() ![]() ![]() | ||||||
Cruthú | Iúil 1, 1867 | ||||||
Saoire phoiblí |
National Patriots' Day (en) ![]() ![]() Saint-Jean-Baptiste Day (en) ![]() Family Day (en) ![]() ![]() Remembrance Day (en) ![]() Victoria Day (en) ![]() ![]() ![]() | ||||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||||
Córas rialtais |
parliamentary democracy (en) ![]() ![]() | ||||||
Comhlacht feidhmiúcháin |
Executive Council of Quebec (en) ![]() ![]() | ||||||
Comhlacht reachtach |
Legislature of Quebec (en) ![]() ![]() | ||||||
• monarc Cheanada ![]() |
Eilís II ![]() | ||||||
• Premier of Quebec (en) ![]() ![]() |
François Legault (Deireadh Fómhair 18, 2018) ![]() | ||||||
Eacnamaíocht | |||||||
Airgeadra |
Canadian dollar (en) ![]() ![]() | ||||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||||
Cód poist |
G, H agus J ![]() | ||||||
Lonnaithe i gcrios ama |
Eastern Time Zone (en) ![]() ![]() Atlantic Time Zone (en) ![]() ![]() UTC−04:00 (en) ![]() ![]() ![]() | ||||||
Eile | |||||||
| |||||||
Láithreán gréasáin |
quebec.ca ![]() |
Is náisiún i Meiriceá Thuaidh agus an cúige is mó (ó thaobh achair de) i gCeanada é Québec. An dara cúige Ceanadach is mó de réir daonra (8.215) milliún i mí Iúil 2014, nó 24% de mhuintir Cheanada) atá ann.
Is í an Fhraincis an t-aon teanga oifigiúil. Is é Québec an t-aon chúige i gCeanada ina bhfuil an Béarla ina mhionteanga, agus tá sé ar cheann den dá chúige ina bhfuil an Fhraincis ina teanga oifigiúil, in éineacht le New Brunswick.
Is í Cathair Québec an phríomhchathair, agus is í Montréal an chathair is mó. Is é François Legault den PLQ príomhaire Québec.
Teangacha[cuir in eagar | athraigh foinse]
Bhí cónaí ar 7,903,001 duine i Québec sa bhliain 2011. Is í an Fhraincis an t-aon teanga oifigiúil i Québec agus í mar an t-aon mháthairtheanga do 78% do dhaonra Québec. Tugtar Québécois ar mhuintir Québec as Fraincis.
Ba í an Béarla an teanga neamh-oifigiúil is comónta sa chúige agus í mar an mháthairtheanga do 8% do dhaonra Québec. Bhí 43% do dhaonra Québec dátheangach sa Fhraincis agus sa Bhéarla ag an am.
Ba mhaith leis na Québécois a dteanga a choinneáil gan tionchar ón Bhéarla. Léirítear é seo ar chomharthaí bóithre mar shampla; sa dóigh is go gcuirtear "ARRÊT" (an bhriathar stad sa Fhraincis) in ionad "STOP". Is é "STOP" an focal roghnaithe in úsáid ámh i mórchuid na dtíortha eile a bhfuil Fraincis mar phríomhtheanga acu. Is dócha gur sampla é seo den bhród atá acu dá dteanga agus dá gcultúr. Deir cuid mhór daoine eile áfach gurb ionann é seo agus frith-Shasanachas nó frith-Bhéarlachas i bhfeidhm go hoifigiúil.
Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]
Thug Uachtarán na Fraince, Charles de Gaulle, cuairt ar Québec ar an 24 Iúil 1967. Chruthaigh sé atmaisféar deacair do chaidreamh polaitíochta idir an Fhrainc agus Ceanada nuair a scairt sé i láthair slua mhóir ar an taobh amuigh de Halla na Cathrach i gCathair Québec "Québec go brách! Québec saor go brách!" [1]. Ina dhiaidh sin, chuir sé le sin, á rá "Ceanada Francach go brách! Agus an Fhrainc go brách!" [2].
Cé gur léir ón scannán seo gur thacaigh an chuid is mó den tslua a bhí bailithe len é a fheiceáil leis an mhéid a bhí le rá aige, léirigh an rialtas in Ottawa a mhíshuaimhneas, á rá "Ní gá do Cheanadaigh a bheith saortha. Muise, chaill na mílte Ceanadach a mbeatha ar son shaoirse na Fraince agus tíortha Eorpacha eile" [3] Cheap na náisiúnaithe go raibh de Gaulle ag tacú leofa, agus d'ardaigh a gcuid den vótáil san olltoghchán ina dhiaidh.
Ar an 16 Deireadh Fómhair 1970, feallmharaíodh Pierre Laporte, leas-Príomh-Aire Québec (bhí cead ag na sceimhlitheoirí dul chuig Cuba).
I reachtaíocht a cuireadh i bhfeidhm siar sna 1970idí ba í an Fhraincis an t-aon teanga ar féidir úsáid i gcúrsaí gnó ó thaobh ainmnithe de. Mar shampla athraíonn comhlachtaí móra a n-ainmneacha agus iad lonnaithe i Québec de réir an dlí, m.sh. tugtar Shoppers Drug Mart ar shiopa áirithe i dToronto, ach cuirtear Pharmaprix ar bhrainse den tsiopa céanna i Montréal, agus i gCathair Québec labhraítear ar Bureau en Gros in áit Staples i Vancouver.
Bhí dhá reifreann i Québec fá dtaobh de scoilteadh ón chuid eile de Cheanada. Tharla an chéad cheann i 1980 agus an darna ceann i 1995. Ba mhór an tacaíocht a fuair siad ón Parti Québécois (na náisiúnaithe Québecois agus an páirtí polaitíochta is mó sa chúige) os rud é gurbh iadsan a chuir toiseacht leis an fheachtas. Theip orthu. Diúltaíodh an chéad cheann le 59.56% (in aghaidh neamhspleáchais) agus 40.44% (ar a shon). Léiríodh níos mó tacaíochta don reachtaíocht an dara babhta ámh, nuair a diúltaíodh í le 50.58% (ina aghaidh) agus 49.42% (ar a shon).
Géilleagar[cuir in eagar | athraigh foinse]
Ba C$357,859bn an olltáirgeacht intíre (OTI) a bhí ag Québec sa bhliain 2012.[4]
Leabhair[cuir in eagar | athraigh foinse]
Mac Aodha Bhuí, Fionntán (1968). Anam do-chloíte Quebec. FNT.
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ "Vive le Québec! Vive le Québec libre!" a dúirt Charles de Gaulle, Uachtarán na Fraince
- ↑ "Vive le Canada français! Et vive la France!" a dúirt Charles de Gaulle, Uachtarán na Fraince
- ↑ "Canadians do not need to be liberated. Indeed, many thousands of Canadians gave their lives in two world wars in the liberation of France and other European countries." a dúirt Príomh-Aire Cheanada Lester Bowles "Mike" Pearson
- ↑ [1] Statistics Canada arna rochtain ar 13 Mí na Samhna 2013
Cúigí agus Críocha Cheanada | ||
---|---|---|
Cúigí: Colóim Bhriotanach · Alberta · Saskatchewan · Manitoba · Ontario · Québec New Brunswick · Albain Nua · Oileán Phrionsa Éadbhard · Talamh an Éisc agus Labradar Críocha: Yukon · Críocha an Iarthuaiscirt · Nunavut |
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |