Radharc
Próiseas in orgánaigh chun samhail inmheánach a chruthú den chomhshaol seachtrach mar thoradh ar na patrúin solais a bhíonn ar fáil dóibh. Tá sé bunúsach go mbíonn glacadóir solasíogair ar fáil chuige. Bíonn an-chuid fótaghlacadóirí ag na hainmhithe arda (timpeall 230 milliún i súil amháin ag an duine) is iad leata amach chun dromchla fótaghlacadóra — an reitine — a dhéanamh. Má bhíonn gá le rud níos casta ná brath garbh an tsolais, bíonn gá leis an íomhá, samhail eagraithe ar an reitine d'eagar spásúil na réad sa chomhshaol. Tarchuirtear an t-eolas ionchuir ón reitine ar feadh na mílliún snáithín den néaróg optach suas go dtí an choirtéis cúlphlaice, an chéad réigiún san inchinn a láimhseálann eolas mar gheall ar an bhfís. De réir a chéile tá ár dtuiscint ag feabhsú ar conas a ionchódaíonn an inchinn airíonna amhairc cosúil le dath, imill is gluaisne, ach mar sin féin, níl a fhios mórán fós mar gheall ar conas a bhaineann an inchinn ciall is aithint réad as na hairíonna seo.
|
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
|
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |