Tithe a oscailt le linn géarchéime

Téimid i gcomhpháirtíocht lenár bpobal chun tithíocht a thairiscint i gcásanna éigeandála, ó thubaistí nádúrtha go COVID-19.

Fuair 75,000 duine áit le fanacht le linn géarchéimeanna ó 2012 i leith.

Tairgeann óstaigh Airbnb ar fud an domhain tacaíocht nuair a theastaíonn sí go géar. Buail leis na daoine a chuidíonn leis sin tarlú.

I ndiaidh tubaiste, tá áit chompordach le fanacht ríthábhachtach. Lenár gcláir is féidir le daoine ceangal lena bpobal agus foscadh a fháil in am corrach.

Tugaimid bealach do phobail teacht le chéile nuair a tharlaíonn tubaistí. Trí chláir Airbnb.org, is féidir le daoine a dtithe a thairiscint saor in aisce do chomharsana ar gá dóibh fágáil.

Bíonn mórán dúshlán os comhair dídeanaithe agus iarrthóirí tearmainn nuair a aistríonn siad go tír nua. Cabhraíonn áit shealadach le fanacht atá saor in aisce leo suaimhneas intinne a bheith acu agus iad ag tosú ar a saol nua.

Le linn na paindéime, b’éigean d’oibrithe cúraim sláinte fanacht níos gaire dá gcuid oibre nó achar sábháilte a choinneáil óna dteaghlaigh féin. Thairg óstaigh Airbnb ó gach cearn den domhan áit le fanacht dóibh.

Is féidr go nglacafadh sé na blianta ar phobal teacht chuige féin go hiomlán i ndiaidh tubaiste mhór. Cuidíonn Airbnb.org le tréimhsí fanachta a mhaoiniú d’oibrithe fóirithinte a bhfuil obair ríthábhachtach á déanamh acu chun pobail a atógáil.

Domhan a chruthú atá bunaithe ar mhuintearas: gealltanais Airbnb.org

Inniu, agus leas á bhaint as an méid atá foghlamtha againn thar 8 mbliana agus an taithí atá faighte againn sa tréimhse chéanna, táimid ag fógairt sraith gealltanas i leith na héagsúlachta, an chothromais agus an chuimsithe.

Cuidímid le heagraíochtaí neamhbhrabúis eile tionchar buan a bheith acu.

Buail le cúpla comhpháirtí a chabhraigh le Airbnb.org a mhúnlú.
Soláthraíonn IMC seirbhísí éigeandála leighis agus seirbhísí gaolmhara dóibh siúd a mbíonn tionchar ag tubaistí orthu ar fud an domhain, agus cuireann sé ar fáil an oiliúint a theastaíonn ó dhaoine chun bogadh ó fhóirithint go féinmhuinín.
Freagraíonn an IRC do na géarchéimeanna daonnúla is measa ar domhan, agus cabhraíonn sé le daoine, a ndéanann coimhlint agus tubaistí a saol agus a slite beatha a scriosadh, chun maireachtáil, téarnamh agus smacht a fháil ar a dtodhchaí.
Is eagraíocht dhomhanda neamhbhrabúis Ghiúdach é HIAS a chuireann cosaint agus cúnamh ar fáil do dhídeanaithe, d'iarrthóirí tearmainn, agus do dhaoine eile ar díláithríodh iad le fórsa ar fud an domhain.
Is eagraíocht um thubaistí a chosc agus chun téarnamh é Build Change a dhearann réitigh láidre tithíochta le pobail áitiúla.
Bíonn CORE i gceannas ar ullmhacht, freagairt, agus iarrachtaí téarnaimh do phobail atá buailte de bharr géarchéime nó atá i mbaol géarchéime mar gheall ar thubaistí.
Is é IFRC an líonra daonnúil is mó ar domhan, ina bhfuil 192 de Chumainn Náisiúnta na Croise Deirge agus an Chorráin Dheirg a oibríonn chun beatha daoine a shábháil agus dínit a chur chun cinn ar fud an domhain.
Lógó Airbnb.org
Lógó Mercy Corps

Is féidir linn atógáil, le chéile.

I mí Lúnasa 2018, bhuail sraith creathanna talún oileán Lombok san Indinéis. Seoladh oibrithe fóirithinte ó Mercy Corps amach chun obair téarnaimh a dhéanamh sa cheantar, agus bhí pobal agus áit chompordach le fanacht rompu.