Léim chuig ábhar
Iontaoibh & Sábháilteacht

Tugaimid tús áite do do shábháilteacht.

Ar oíche ar bith, fanann 2 mhilliún duine i dtithe ar Airbnb in 100,000 cathair ar fud an domhain. Tá breis is 6 mhilliún liostú le roghnú astu i 191 tír —sin níos mó ná na cúig shraith óstán is fearr le chéile.

Conas is féidir é seo go léir a dhéanamh? Iontaoibh.

Sábháilteacht trí dhearadh

Tá Airbnb deartha agus sábháilteacht san áireamh — ar líne agus as líne

Scóráil riosca

Déantar gach áirithint Airbnb a scóráil le haghaidh riosca sula ndeimhnítear é. Bainimid úsáid as anailísíocht thuarthach agus as meaisínfhoghlaim le meastóireacht a dhéanamh láithreach ar na céadta comhartha a chabhraíonn linn nótáil agus imscrúdú a dhéanamh ar ghníomhaíocht amhrasach sula dtarlaíonn sí.

Seiceálacha liosta faire & cúlra

Cé nach bhfuil aon chóras scagthástála gan locht, seiceálaimid óstaigh agus aíonna in éadan liostaí faire rialála, sceimhlitheoireachta agus smachtbhannaí ar fud an domhain. Déanaimid seiceálacha cúlra freisin ar óstaigh agus ar aíonna sna Stáit Aontaithe.

Ullmhacht

Reáchtálaimid ceardlanna sábháilteachta le hóstaigh agus le saineolaithe áitiúla agus molaimid d’óstaigh eolas tábhachtach áitiúil a chur ar fáil dá gcuid aíonna. Tugaimid brathadóir deataigh agus aonocsaíde carbóin saor in aisce freisin d'óstach ar bith a dteastaíonn ceann uaidh nó uaithi don teach.

Sláníocaíochtaí

Cinntíonn ár n-ardán slán go bhfaigheann an t-óstach do chuid airgid—sin an fáth a n-iarraimid ort íoc trí Airbnb agus gan airgead a chur go leictreonach ná duine a íoc go díreach.

Cosaint chuntais

Glacaimid roinnt céimeanna chun do chuntas Airbnb a chosaint, leithéidí fíordheimhniú ilsraithe a éileamh nuair a dhéantar iarracht ar logáil isteach ó fhón nó ríomhaire nua agus foláirimh chuntais a sheoladh chugat nuair a dhéantar athruithe.

Cosc ar chamscéimeanna

Íoc agus déan cumarsáid go díreach i gcónaí trí láithreán gréasáin nó aip Airbnb. Chomh fada agus a fhanann tú ar Airbnb i rith an phróisis ar fad — ó chumarsáid, go háirithint, go híocaíocht — tá tú faoi chosaint ag ár straitéis chosanta ilchisealach.

Bíodh a fhios agat cad atá romhat.

Déanaimid éasca duit tuilleadh eolais a fháil faoi aon theach, eispéireas, aoi nó óstach roimh áirithint a dhéanamh
Íomhá de leagan amach scáileán an fhóin
Íomhá de phróifíl an úsáideoraÍomhá de phróifíl an úsáideoraÍomhá de phróifíl an úsáideora

Próifílí

Tá próifíl ag gach duine ar Airbnb chun cabhrú le haíonna nó le hóstaigh eile aithne a chur ar a chéile. Chun áirithint a dhéanamh nó chun óstáil, iarrfar ort d'ainm iomlán, dáta breithe, uimhir fóin, sonraí íocaíochta, agus seoladh ríomhphoist a chur ar fáil do Airbnb.

Teachtaireachtaí slána

Ligeann ár n-uirlis teachtaireachtaí slán duit aithne a chur ar óstach nó ar aoi agus ceisteanna a chur faoi liostú nó faoi eispéireas roimh am. Tar éis an áirithint a dhéanamh, is féidir leat í a úsáid chun teachtaireacht a sheoladh anonn agus anall go héasca chun rudaí a chomhordú amhail seiceáil isteach agus treoracha.

Léirmheasanna

Má tá tú fiosrach faoi thuairimí daoine eile maidir le haoi, óstach, theach nó eispéireas féideartha, níl le déanamh agat ach féachaint ar na léirmheasanna. Ní féidir le haíonna agus le hóstaigh léirmheas a dhéanamh ar a chéile ach tar éis áirithinte, agus mar sin de, tuigfidh tú go bhfuil an t-aiseolas a fheiceann tú bunaithe ar fhíorthaithí.

Táimid anseo má theastaíonn cabhair uait

Tá ár bhfoireann dhomhanda ar fáil 24/7 in 11 teanga difriúla chun cabhrú leat le rudaí a chur ina gceart maidir le cúnamh le hatháirithint, le haisíocaíochtaí, lenár $1 milliún dollar mar Ráthaíocht don Óstach, agus le cláir árachais d'idir thithe agus eispéiris .

Díreach téigh i dteagmháil linn má tá aon rud ag teastáil uait.